![]() Dúshlán na 'Litter Mugs'Ag Sábháil Ár bPlainéad Giota ar Ghiota Céard é an Dúshlán Seo?Is dúshlán an-simplí é. Samhlaigh an feabhas a thiocfadh ar ár dtimpeallacht dá bpiocfadh gach éinne giota amháin bruscair gach lá. Dá ndéanfadh duine as gach ceathrar in Éirinn é seo, i gceann seachtaine bheadh 8.3 milliún giota bruscair bainte againn as ár dtimpeallacht. Faoi cheann míosa bheadh 36 milliún giota bainte agus go dochreidte faoi cheann bliana bheadh 435 milliún giota bruscair tógtha amach. Mura bpiocfadh ach an deichiú cuid de dhaonra an Domhain giota amháin bruscair ar feadh seacht lá bheadh 5.3 billiún giota bruscair díbrithe ó dhochar a dhéanamh dár dtimpeallacht in aon seachtain amháin.. ![]() Is amhlaidh a chaitear méid ollmhór bruscair isteach inár n-uiscebhealaí agus ina dhiaidh sin scuabtar é isteach sna farraigí agus sna haigéin. Is de bhunús plaisteach é an mhórchuid, agus dár ndóigh, is amhlaidh go ndéanann ábhar plaisteach ach go háirithe dochar don timpeallacht domhanda. Tógann sé 450 bliain buidéal plaisteach amháin a dhianscaoileadh agus tógann sé 200 bliain sop plaisteach a mheath. Is féidir le hainmhithe mara idir bheag agus mhór ábhar plaisteach agus blúiríní bídeacha plaisteacha a ionghabháil de thaisme. Ceapann turtair go minic gur smugairle róin é mála plaisteach - agus nuair a shlogann siad iad is amhlaidh a bhíonn an bás i ndán dóibh go hiondúil. Éiríonn le cáithníní bídeacha plaisteacha dul isteach i slabhra an bhia agus dá bharr sin d'fhéadfadh sé go mbeadh ábhar plaisteach dochrach san iasc a ithimid don dinnéar. Is cosúil le hoileáin phlaisteacha ar snámh iad na cairn bhruscair agus ábhar plaisteach a chnuasaíonn i bhfarraigí ar fud an Domhain. Tá ceann san Aigéan Ciúin a áiríodh a bheith dhá oiread chomh mór le Texas, de réir cosúlachta. Níl aon dul as againn ach gníomhú anois ionas nach rachaidh an cás in olcas agus is féidir leatsa do chion féin a dhéanamh ar a son. Conas is féidir liomsa cabhrú?Tabhair gealltanas go bpiocfaidh tú giota amháin bruscair, go háirithe ábhar plaisteach, gach lá, agus cuir é sa bhosca bruscair is gaire. Tóg grianghraf nó físeán díot féin á dhéanamh. Bí cruthaitheach. Táimid cinnte gur féidir leat an sampla thíos a sháru, ach ná déan aon rud a dhéanfaidh dochar duit féin ná d'éinne eile. Cuir d'fhíseán nó do ghrianghraf ar Instagram, Facebook agus Twitter (#littermugschallenge) agus ansin iarr ar 3 cairde an rud céanna a dhéanamh ach iad a chlibeáil. Tabhair dúshlán don oiread cairde is is mian leat agus ná déan dearmad iad a chlibeáil. Táimid ag iarraidh gluaiseacht Domhanda a thogáil agus is féidir leatsa páirt thábhachtach a ghlacadh ann. Geall - Pioc - Taifead - Postáil - Tabhair Dúshlán - #littermugchallenge
Ag Sábháil Ár bPlainéad Giota ar Ghiota Dúshlán na 'Litter Mugs'
You can also find details about our
next Sean Walsh Park clean-up
Our Supporters
|